Default text font changeMedium text font changelarge text font changePrint page
Tuarascáil na nIniúchóirí Neamhspleácha
chuig baill Chomhlacht Chalafort Átha Cliath

Tá na ráitis airgeadais ar leathanaigh 28 go 52 iniúchta againn. Tá na ráitis airgeadais seo ullmhaithe de réir na bpolasaithe cuntasaíochta atá leagtha amach sa Ráiteas ar Pholasaithe Cuntasaíochta ar leathanaigh 28 go 30.

 

Freagrachtaí na Stiúrthóirí agus na nIniúchóirí Faoi Seach
Tá freagrachtaí na Stiúrthóirí as an Tuarascáil Bhliantúil agus na ráitis airgeadais a ullmhú de réir dhlí gaolmhar na hÉireann agus na gcaighdeán cuntasaíochta arna n-eisiúint ag Bord na gCaighdeán Cuntasaíochta agus arna bhfoilsiú ag Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn (Cleachtas Cuntasaíocha a nGlactar Leis go Ginearálta in Éirinn), leagtha amach sa Ráiteas ar Fhreagrachtaí na Stiúrthóirí ar leathanach 20.

 

Is é an fhreagracht atá orainne na ráitis airgeadais a iniúchadh de réir na riachtanas cuí dlí agus rialála agus na gCaighdeán Idirnáisiúnta Iniúchta (Ríocht Aontaithe agus Éire). Rinneadh an tuarascáil seo a ullmhú, an tuairim a nochtar inti chomh maith, le haghaidh ball an Chomhlachta mar fhoras ann féin, agus lena n-aghaidh siúd amháin, de réir alt 193 d’Acht na gCuideachtaí, 1990 agus ní chun aon chríche eile. Agus ár dtuairim á nochtadh againn, ní ghlacaimid le haon fhreagracht chun aon chríche eile agus ní ghlacaimid le haon fhreagracht do dhuine ar bith eile a dtaispeánfar an tuarascáil seo dó/di nó do dhuine ar bith a gheobhaidh cóip den tuarascáil seo ach amháin sa chás go dtabharfaimid cead go neamhbhalbh lena aghaidh sin i scríbhinn roimh ré.

 

Cuirimid in iúl an í ár dtuairim í go bhfuil cuntas cruinn cothrom sna ráitis airgeadais, de réir an Chleachtais Chuntasaíochta a nGlactar Leis go Ginearálta in Éirinn, agus go bhfuil siad ullmhaithe de réir reachtaíocht na hÉireann atá comhdhéanta d’Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 2009. Cuirimid in iúl an amhlaidh go bhfuaramar an t-eolas agus na míniúcháin ar fad a bhí riachtanach, dar linne, chun críocha ár n-iniúchta agus an amhlaidh go bhfuil na ráitis airgeadais ag teacht leis na leabhair chuntais. Cuirimid in iúl, freisin, ár dtuairim maidir leis na ceisteanna seo a leanas:

 

leabhair chearta chuntais a bheith coinnithe ag an gComhlacht;
Tuarascáil na Stiúrthóirí a bheith ag teacht leis na ráitis airgeadais; agus
an Comhlacht a bheith i riocht airgeadais, dar linne, dáta an Chláir Chomhardaithe, a d’fhágfadh go mbeidh ar an gComhlacht ollchruinniú neamhghnách a shocrú; féadfaidh riocht airgeadais den chineál sin a bheith i gceist sa chás nach mó ná leath de scairchaipiteal glaoite an Chomhlachta a chuid sócmhainní glana.

 

Cuirimid in iúl, freisin, an í ár dtuairim í nár nochtadh aon eolas a bhaineann le cúiteamh do Stiúrthóirí agus bearta na Stiúrthóirí, de réir mar a shonraítear leis an dlí, agus sa chás gur indéanta, cuirimid an t-eolas sin inár dtuarascáil.

 

Léimid an t-eolas eile atá sa Tuarascáil Bhliantúil agus tagaimid ar thuairim maidir lena bheith ag teacht leis na ráitis airgeadais a ndearnadh iad a iniúchadh. Is é atá i gceist leis an eolas eile seo Ráiteas an Chathaoirligh, Athbhreithniú an Phríomhfheidhmeannaigh agus Tuarascáil na Stiúrthóirí. Déanaimid ár machnamh ar impleachtaí na tuarascála má thagaimid ar aon mhíráitis nó mírialtachtaí ábharacha dealraitheacha eile nach bhfuil ag teacht leis na ráitis airgeadais. Nílimid freagrach as aon eolas eile.

 

Déanaimid athbhreithniú ar an ráiteas ar rialú inmheánach airgeadais a éilítear leis an gCód Cleachtais um Rialachas Foras Stáit atá déanta i dTuarascáil na Stiúrthóirí ar leathanaigh 24 agus 25 lena fheiceáil cé acu a thugann sé léargas cruinn ar chomhlíonadh na bhforálacha gaolmhara sa Chód ag an gComhlacht nó nach dtugann agus cé acu atá sé ag teacht leis an eolas atá againn bunaithe ar ár n-obair iniúchta ar na ráitis airgeadais nó nach bhfuil; deirimid muna dtugann sé léargas cruinn agus muna bhfuil sé ag teacht leis an eolas sin atá againn. Níl ceangal orainn ráitis an Bhoird a mheas maidir le rialú inmheánach ar gach riosca agus maidir le gach rialú, ná tuairim a thabhairt ar éifeachtúlacht nósanna imeachta an Chomhlachta maidir le rialachas corparáideach ná éifeachtúlacht a chuid nósanna imeachta maidir le riosca agus rialú.

 

Búnus leis an Tuairim Iniúchta
Rinneamar ár n-iniúchadh de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (Ríocht Aontaithe agus Éire) arna n-eisiúint ag Bord na gCleachtas Iniúchóireachta. Áirítear le hiniúchadh scrúdú, ar bhonn trialach, ar an bhfianaise a bhaineann leis na méideanna agus leis na nochtuithe sna ráitis airgeadais. Áirítear ann, freisin, measúnú ar na meastúcháin agus breithiúnais shuntasacha atá déanta ag na Stiúrthóirí agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú, agus measúnú ar na polasaithe cuntasaíochta, iad a bheith oiriúnach do riocht an Chomhlachta, iad a bheith curtha i bhfeidhm go leanúnach agus iad a bheith nochtaithe go leordhóthanach.

 

Bheartaíomar agus rinneamar ár n-iniúchadh chun an t-eolas agus na míniúcháin chuí ar fad a fháil a mheasamar féin a bheith riachtanach chun go mbeadh go leor fianaise againn lena dhearbhú, chomh fada agus atá réasúnta, go bhfuil na ráitis airgeadais saor ó mhíráitis ábharacha, bíodh calaois, mírialtacht eile nó dearmad mar chúis leo. Agus muid ag teacht ar ár dtuairim, rinneamar, freisin, luacháil ar leordhóthanacht fhoriomlán chur i láthair an eolais sna ráitis airgeadais.

 

Tuairim
Inár dtuairimse, is fíor an méid seo a leanas maidir leis na ráitis airgeadais:

tá léargas cruinn cothrom ann, de réir an Chleachtais Chuntasaíochta a nGlactar Leis go Ginearálta in Éirinn, ar riocht an Chomhlachta amhail 31 Nollaig 2009 agus ar a sheabhradh brabúis agus airgid thirim don bhliain dar críoch an dáta chéanna; agus
tá siad ullmhaithe mar is cóir de réir Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 2009.


Tá an t-eolas agus na míniúcháin ar fad a mheasaimidne a bheith riachtanach chun críche ár n-iniúchta faighte againn. Is í ár dtuairim í gur choinnigh an Comhlacht leabhair chearta chuntais. Tá na ráitis airgeadais ag teacht leis na leabhair chuntais.

 

Is í ár dtuairim í go bhfuil an t-eolas atá i dTuarascáil na Stiúrthóirí ar leathanach 20 go 25 ag teacht leis na ráitis airgeadais.

 

Is mó ná leath dá scairchaipiteal glaoite sócmhainní glana an Chomhlachta, mar atá ráite ar an gClár Comhardaithe ar leathanach 33, agus, dar linne, ar an bhonn sin, ní raibh an Comhlacht i riocht airgeadais amhail 31 Nollaig 2009 a d’fhágfadh go mbeidh air, faoi alt 40(1) d’Acht (Leasú) na gCuideachtaí, 1983 ollchruinniú neamhghnách de chuid an Chomhlachta a shocrú.

 

 

 

PricewaterhouseCoopers
Cuntasóirí Cairte agus Iniúchóirí Cláraithe
Baile Átha Cliath

 

26 Márta 2010