![]() |
Lucy McCaffrey, Cathaoirleach I ngairmréim de thríocha bliain, d’oibrigh Lucy McCaffrey le heagraíochtaí ó na hearnálacha poiblí agus príobháideacha in Éirinn agus le hilnáisiúnaigh móra san Eoraip, sna Stáit Aontaithe agus san Afraic mar chomhairleoir gnó in earnálacha na seirbhísí airgeadais, táirgeachta agus san earnáil seirbhíse. Bhunaigh sí Latitude i 1992, comhairleoireacht shainfheidhme lena dtugtar tacaíocht d’athrú eagraíochta straitéisí, tar éis di roinnt blianta a dhéanamh leis an gcomhairleoireacht tionscnaimh atá lonnaithe i mBostún, Synectics Inc. agus faoi láthair is príomhaí na cuideachta í.
Ba í Lucy Stiúrthóir an Chomhlacht Chalafort Átha Cliath idir 1997 agus 2002 agus bhí sí ar bhord an Ionad Tionscnaimh Ealaíona (Project Arts Centre) ar feadh téarma cúig bliana (1988-1993). I Nollaig 2009 cheap an tAire Iompair í mar Chathaoirleach de Chomhlacht Chalafort Átha Cliath agus is Stiúrthóir í de Eastlink Limited agus de Renore Limited, comhfhiontar le One51 ar leis Greenore Port.
Is céimí í Lucy ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath agus tá sí ina comhalta d’Institiúid na gComhairleoirí Bainistíochta (Institute of Management Consultants and Advisors.) |
![]() |
Tom Hussey, Stiúrthóir Is iar-ionadaí poiblí é Tom Hussey agus ba TD é don toghcheantar Gaillimh Thoir ó 1969 go 1981. Bhí sé ina Aire Stáit do Thalmhaíocht, Sláinte agus Leas Sóisialach ó 1977 go 1981 agus ina dhiaidh sin toghadh é mar Sheanadóir agus bhí sé ar an bPainéal Talmhaíochta ar feadh dhá bhliain déag go dtí 1992. Ba Chathaoirleach ar Chomhairle Contae na Gaillimhe é Tom i lár na seachtóidí agus freisin bhí sé ina chathaoirleach freisin ar Bhord Sláinte an Iarthair.
Is céimní é ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus roimhe seo bhí sé ina bhall de Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus is Stiúrthóir ar Aontas é, an Bord Náisiúnta um Oideachas Aosach. |
![]() |
Brian W. Kerr, Stiúrthóir Is Bróicéir Loinge Cairte é Brian W. Kerr a bhunaigh an chuideachta iompair agus loingseoireachta atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. darbh ainm Brian Kerr Shipping i 1987 agus i 1999 ba chuid de Hamilton Shipping Group í an chuideachta. Is Iar-Stiúrthóir Bainistíochta é ar an bhfochuideachta George Bell Shipping Group ó 1976 go dtí 1987 tar éis dó obair do Clyde Shipping.
Agus é ina Iar-Uachtarán agus ina bhall de bhord Chumann na Longúinéirí um Chomhphobal Eorpach, bhí páirt aige i bhforbairt pholasaí loingseoireachta Eorpaí ó 1973, an bhliain ar tháinig isteach sa Chomhphobal Eorpach i 1973. Ina theannta sin, bhí sé ina Stiúrthóir ar Chomhlachas Loingseoireachta na hÉireann a dhéanann ionadaíocht do longúinéirí agus d’oibreoirí loinge Éireannacha agus tá sé ina bhall choiste den Bhrainse Éireannach d’Institiúid Chairte na mBróicéirí Loinge (Institute of Chartered Shipbrokers.)
Is comhalta é Briain ar Institiúid Chairte na mBróicéirí Loinge (Institute of Chartered Shipbrokers) agus ar an Institiúid Chairte Iompair agus Lóistíochta (Chartered Institute of Logistics and Transport) agus d’fhreastail sé mar Uachtarán ar an dá eagraíocht.
Ceapadh Brian mar stiúrthóir ar dtús ar Bhord Port agus Duganna Baile Átha Cliath i 1991 agus bhí sé ina Chathaoirleach ar an mbord ó 1995 go 1997. Agus nuair a corpraíodh é i 1997, ceapadh é ar an gComhlacht Chalafort Átha Cliath agus athcheapadh é ar feadh téarmaí de chúig bliana in 2002 agus in 2007. Is Stiúrthóir freisin é ar Adria Ferries Limited agus is Cathaoirleach é ar an nGrúpa Rehab. |
![]() |
Jerry Kiersey, Stiúrthóir Tá os cionn de dhaichead bliain de thaithí ag Jerry Kiersey sna hearnálacha lóistíochta agus muirí in Éirinn agus faoi láthair is Stiúrthóir Bainistíochta é de chuideachta iompair bóthair, darbh ainm Green Tiger Express Limited, a bunaíodh i 1999. Ba Iar-Phríomhfheidhmeannach é ar Chumann Lastála Idirnáisiúnta na hÉireann agus bhí sé ina Uachtarán ar Chumann Tarlú Bóthair na hÉireann sna hochtóidí.
Cheap an tAire Iompair é ar Chomlacht Chalafort Átha Cliath in 2002 agus freisin tá sé ina stiúrthóir ar Iontaobhas Oideachais Naomh Ultan (Saint Ultan’s Educational Trust) agus ar an mBord Eatramhach Neamhspleách Príosúin. Bhí sé ina chomhalta comhairle de Chomhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath agus ina Uachtarán bunaidh ar an gComhlachas d’Iarthar Bhaile Átha Cliath. Sa bhliain 2001 ceadaíodh dó a bheith ina Chomhalta den Institiúid Chairte Iompair agus Lóistíochta (Chartered Institute of Logistics and Transport ) agus is comhalta é d’Fhoras Muirí na hÉireann. |
![]() |
Pat Magner, Stiúrthóir Tháinig Pat Magner go dtí Bord an Chomhlacht Chalafort Átha Cliath i mí Iúil 2007 i ndiaidh d’Aire Iompair, Noel Dempsey, TD é a cheapadh. Is iarsheanadóir é Pat, arna ainmniú ag An Taoiseach Garrett FitzGerald TD chuig an 15ú agus an 17ú sheisiúin de Sheanad Éireann. Ina theannta sin, d’ainmnigh an Taoiseach Albert Reynolds TD chuig an 20ú sheisiúin den Seanad idir 1993 agus 1997. Is iarchomhalta é den Choiste Náisiúnta Feidhmiúcháin de Pháirtí an Lucht Oibre, d’oibrigh Pat mar Eagarthóir Náisiúnta don pháirtí ar feadh cúpla bliain agus faoi láthair is Comhairleoir um Ghnóthaí Poiblí é. Ba Chomhalta Comhairle é d’Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath. |
![]() |
Charles Rochfort, Stiúrthóir Tháinig Charles Rochford go dtí an sean Bhord Port agus Duganna Bhaile Átha Cliath i 1978 agus bhí roinnt ról aige i Rannóg Sheirbhíse agus Chothabhála na cuideachta. Bhí sé cáilithe mar fheisteoir i 1982 agus faoi láthair is Teicneoir Cothabhála é sa Rannóg Sheirbhíse agus Chothabhála. Is maor cheardchumainn é don Technical Engineering & Electrical Union (TEEU) agus toghadh é ar Bhord Chomhlacht Chalafort Átha Cliath in 2007 agus é ina ionadaí na n-oibreoirí. |
![]() |
John Moore, Stiúrthóir Tháinig John Moore ar Bhord Port agus Duganna Baile Átha Cliath i 1977 agus bhí roinnt róil shinsearacha san eagraíocht lena n-áirítear an Ceannasaí Earcaíochta agus an Ceannasaí Iniúchta Inmheánaigh. Faoi láthair, bainistíonn sé clár oiliúna na Náisiún Aontaithe le haghaidh bainisteoirí i bpoirt i dtíortha i mbéal forbartha. Ina theannta sin, tá páirt aige i roinnt tionscnamh Taighde & Forbartha arna maoiniú ag an Aontas Eorpach, agus mar gheall ar a pháirt ar fhoireann Taighde & Forbartha an Chomhlacht Chalafort Átha Cliath, tá baint aige leis na deiseanna chun gnó a bhaineann leis an ngnó a fhorbairt thar lear. Tháinig sé ar an mbord in 2007 tar éis a thoghcháin mar ionadaí d’oibreoirí don bhord.
Tá Máistreacht ag John i Staidéar Pholasaithe Eacnamaíocha ó Choláiste na Tríonóide, B.A sa Bhainistíocht ón I.M.I. and is Ball Céimithe d’Institiúid Mhargaíochta na hÉireann. Is Iniúchóir Inmheánach cáilithe é chomh maith.
Is ball é John d’Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha (Institute of Internal Auditors) (Ríocht Aontaithe & Éire), d’Institiúid na Stiúrthóirí in Éirinn agus den Cheardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil agus faoi láthair tá sé ina Rúnaí Oinigh de Ghrúpa Náisiúnta Stiúrthóirí na nOibreoirí (National Worker Directors Group) in Éirinn. |
![]() |
Enda Connellan, Príomhfheidhmeannach Gníomhach Tháinig Enda Connellan ar an gcuideachta i 1977 agus bhí sé ina Mháistir Cúnta Cuain tar éis gairme sa chabhlach trádála ina raibh sé mar chaptaen ar longa an aigéin agus ceapadh é mar Mháistir Cuain ar an bport i 1988. Sa bhliain 1994, roghnaíodh é mar Phríomhfheidhmeannach ar an sean Bord Port agus Duganna Bhaile Átha Cliath agus lean sé ar aghaidh ag freastal mar phríomhfheidhmeannach ar an gComhlacht Chalafort Átha Cliath tar éis an achtacháin den Acht Cuanta, a raibh corprú na bPort Éireannach mar thoradh air. I Nollaig 2009 d’fhógair sé go raibh sé ar intinn aige éirí as an bpost mar Phríomhfheidhmeannach agus tá sé sa ról sin ag feitheamh ar ceapadh a chomharba.
Is céimí ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, óna fuair sé BA san Eacnamaíocht agus Máistreacht sa Ghnó. Tá dioplóma aige san Eadráin agus tá sé ina ánra freisin den Institiúid Chairte Eadrána (Chartered Institute of Arbitration) agus ina ánra den Fhoras Muirí (Nautical Institute). Is Iar-Chathaoirleach é ar an bhFochoiste Iompair de Chumann Fostaithe agus Gnó na hÉireann (IBEC). |
![]() |
Michael Sheary Tháinig Michael Sheary go dtí an chuideachta i 1982 agus bhí roinnt ról sinsearach aige lena n-áirítear Rialtóir Cúnta Airgeadais go dtí gur ceapadh é mar Rúnaí na Cuideachta agus Príomhoifigeach Airgeadais i 2001. Ó shin amach, bhí Michael freagrach as feidhmeanna riaracháin, dlíthiúil agus airgeadais na cuideachta agus ina theannta sin tá sé freagrach as na hoibriúcháin maidir le Bainistíocht Eastát agus Áiseanna. Cháiligh Michael mar Chuntasóir Deimhnithe Cairte i 1988 agus ceadaíodh dó a bheith ina Chomhalta de Chumann na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte i 1996. Tá Michael ina Stiúrthóir ar East Link Limited, Rúnaí Cuideachta do Renore Limited agus tá sé ina Iontaobhaí de scéim phinsin le sochair sainithe den Chomhlacht Chalafort Átha Cliath. |
| Foireann Bainistíochta Feidhmeannaí | |
| Enda Connellan | Príomhfheidhmeannach Gníomhach |
| Michael Sheary | Rúnaí an Chomhlachta/Príomhoifigeach Airgeadais |
| Seamus McLoughlin | Ceann na nOibríochtaí |
| Ken Whelan | Ceann Taighde agus Forbartha |
| Joanne M Doyle | Bainisteoir Acmhainní Daonna |
| Bainisteoirí Sinsearacha | |
| Capt.David Dignam | Máistir an Chuain |
| Ciarán Callan | Bainisteoir Cothabhála agus Seirbhísí |
| Marie Porter | Bainisteoir Airgeadais |
| Conor Farrell | Bainisteoir TF |
| Brenda Daly | Bainisteoir Margaíochta/Caidrimh Phoiblí |
| Gerry Barry | Bainisteoir Maoine |
| Joseph Hiney | Bainisteoir um Thaighde le haghaidh Forbartha |
| John Fairley | Bainisteoir Slándála |








